Cáca Seacláide Blasta

Comhábhair:

Comhábhar don Reoán:

 

 

175g plúr éiritheach (self raising)

75g im gan salann (unsalted butter)

2 spúnóg bhoird púdar cócó

175g siúcra reoáin (icing sugar)

1 taespúnóg sóid aráin(décharbónáit sóidiam)

2 ½ taespúnóg púdar cócó

150g siúcra mín (castor sugar)

1 spúnóg bhoird bainne

2 spúnóg bhoird órshúlach (golden syrup)

 

2 ubh

 

¼ pionta ola lus na gréine (sunflower oil)

 

¼ pionta bainne

 

Ag Teastáil freisin:

2 stán bacála 18 cm + páipéar gréisdhíonach (grease proof)

 

  1. Téigh an t-oigheann go 180°C nó Gas 4
  2. Cuir gréisc ar dhá stán 18cm agus cuir páipéar gréiscdhíonach ar an mbun
  3. Criathraigh an plúr, an cócó agus an tsóid isteach i mbabhla
  4. Cuir isteach an siúcra agus measc lena chéile iad
  5. Déan tobar sa mheascán agus doirt isteach an bainne, an ola na huibheacha agus an t-órshúlach. Measc go maith iad go mbeidh siad mín.
  6. Doirt an meascán isteach sna stáin
  7. Bácáil san oigheann ar feadh 25-30 nóiméad
  8. Tóg amach agus fág go leataobh iad le fuarú

 

An Reoán

  1. Measc an siúcra agus an t-im
  2. Cuir isteach an cócó agus doirt isteach an bainne go mbeidh an meascán mín
  3. Nuair atá na cácaí fuaraithe, tóg amach as na stáin iad
  4. Scaip an reoán ar cheann de na cácaí agus leag an cáca eile ar a bharr
  5. Criathraigh siúcra reoáin ar a bharr chun é a mhaisiú nó is féidir reoán breise a chur ar an mbarr.

Downloads:

Click on a link to download...

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • Cáca.jpg