Moltaí Gaeilge don Samhradh: Cúpla leid do scoláirí maidir le gníomhaíochtaí taitneamhacha as Gaeilge le linn na saoire

Ióga agus Aireachas

Cúpla gníomhaíocht dheas anseo le do scíth a ligean agus cur le do chuid foclóra maidir le spórt agus sláinte ag an am céanna. D’fhéadfá seo a thriail le baill eile den teaghlach freisin nó le cúpla cara lasmuigh.

Bí ag Léamh

Tá go leor leabhair iontacha Gaeilge ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga. Seo meascán leabhar molta mar thúsphointe. B’fhéidir go mbeadh suim agat ceann nó dhó a léamh roimh dheireadh an tsamhraidh. Má tá deartháir, deirfiúr nó col ceathrar níos óige agat, b'fhéidir gur mhaith leat scéal a léamh dóibh?

Leabhair don aoisghrúpa 4-7

  • An Daid is Cliste ar fad - Is féidir éisteacht le Donnach ag léamh an sceil anseo freisin
  • An Bata Draíochta
  • A Léithéid! - Is féidir éisteacht le Múinteoir Aoife ag léamh an scéil anseo freisin
  • Cosc ar Chrogaill!
  • Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
  • Ulchabhán Óg agus an Scairf Oráiste
  • Percy Péacóg
  • Eileanór an Eilifint Éagsúil
  • Eilifint Óg agus an Folcadán
  • Na Trí Mhuicín
  • An Chircín Rua
  • Nóinín agus Róllaí Póllaí


Leabhair don aoisghrúpa 6-9

  • Na Laochra Lúfara
  • An gCacann Beacha?
  • Cén fáth a mbím ag Broimneach?
  • Oró na Circíní
  • Druball
  • An Garbhán
  • An Pota Folamh Is féidir éisteacht leis seo ar Youtube Cúla4 freisin. 
  • An Seachtar Stuama
  • An Cúigear Cróga
  • An Meaisín Ama
  • An Mac Tíre a Bhí sa Tóir ar an nGrá
  • Níl Cead Snámh sa Loch
  • An Béirín Dána


10 mbliana + 

  • Anansi agus Scéalta an Domhain
  • An Cúigear Cróga
  • An Leon, An Bandraoi agus An Prios Éadaigh
  • Cití Cailleach
  • Na Laochra is Lú
  • Ag Taisteal le Tarlach
  • Lá Breithe Chití!
  • An Seachtar Stuama
  • Hóng
  • Morf
  • Hubert
  • Smuf
  • Bithiúnaigh
  • Charlie agus Monarcha na Seacláide
  • Na Gamail
  • An Teachtaire
  • An Sclábhaí
  • Danny Seaimpín an Domhain
  • An Gasúr a Chaith Pitseámaí Stríocacha (Is féidir an leabhar seo a léamh ar líne anseo)
  • Capall Cogaidh (is féidir an leabhar seo a léamh ar líne anseo)


Tá neart leabhar eile ar fáil ón Siopa Leabhar, Cló Iar Chonnacht, Futa Fata, Leabhar Breac, Údar.ie agus na soláthróirí eile leabhar. Ná déan dearmad iarraidh ar an leabharlann áitiúil chomh maith cé na leabhair Ghaeilge atá acu agus cinn a ordú duit féin freisin.

Éist le Scéalta ar Soundcloud agus Youtube

Is féidir éisteacht le go leor leor scéalta ar líne anois - trí fhíseáin ar Youtube, Facebook agus Soundcloud. Má tá cóip den leabhar agat sa bhaile, d'fhéadfá an scéal a léanúint ag an am céanna. Tabharfaidh sé deis duit taitneamh a bhaint as scéalta difriúla agus canúintí éagsúla a chloisteáil ag an am céanna. Bain taitneamh astu!
 

Scéalta ó Futa Fata
Is féidir éisteacht le rogha dheas scéalta ar leathanach Facebook Futa Fata mar chuid dá Scéal an Lae. Seo cuid de na scéalta atá le cloisteáil:


Scéalta á léamh ag Donnach ó Ghlór na nGael
Is féidir éisteacht le Donnach ó Ghlór na nGael ag léamh go leor scéalta ar YouTube. Tá meascán álainn scéalta le cloisteáil. Ina measc:

  • Chuamar go Léir ar Safáraí
  • Crogaillín
  • An Eala Órga agus Scéalta Eile ón India
  • Lá le Mamó
  • Amadán Aibreáin
  • An Cnámharlach
  • Hata Oisín
  • An tOllamh Gorm
  • Coinín Beag agus an Phluid Ghorm


Scéalta le hAoife
Is féidir éisteacht le múinteoir Aoife ag léamh scéalta i nGaeilge agus i mBéarla ar a cainéal YouTube. Ina measc, tá Sailí na Spotaí, An Oíche Dhorcha, Mamó ag an Zú, Fiacla Mhamó agus cinn eile.

Scéal an Lae ar Cúla4
Scéalta do pháistí á léamh ag aisteoirí, scríbhneoirí agus foilsitheoirí ar chainéal YouTube Cúla4. Tá siad curtha isteach i seinnliosta dá chuid féin ionas go bhfuil sé éasca teacht orthu.

Scéalta le Tús Maith, Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Is féidir éisteacht le scéalta deasa ar nós Cití Cailleach, Tomás san Uisce, Máire agus a Mála, ar chainéal Youtube Tús Maith. Tá scéalta nua á gcur leis an gcainéal go leanúnach.

Soundcloud Fhoras na Gaeilge
An raibh fhios agat go bhfuil leaganacha fuaime de na leabhair uile thíos ar fáil ar Soundlcoud Fhoras na Gaeilge? Ar éist tú le leabhar den chineál seo riamh? Bain triail as!

Seo blaiseadh beag de roinnt na leabhair atá ar fáil:

Do pháistí níos óige:

  • An Garbhán
  • An Lacha Bheag Ghránna
  • An Píobaire Breac
  • An Seilide agus An Míol Mór
  • An Sicín Beag Buí
  • An Tornapa Mór Millteach
  • Asal Uasal
  • Béirín Na Picnice
  • Bronntanas Do Mhamaí
  • Cití Sa Gheimhreadh
  • Drubal Lá Breithe Chití!
  • Máire Agus A Mála
  • Micí Moncaí
  • Mo Bhaile Beag Féin
  • Nóinín Agus Róllaí Póllaí
  • Oíche Na Stoirme
  • Ruairí agus Úna ar an bhFeirm
  • Scuabtha Chun Siúil

Breathnaigh ar Scannáin Ghaeilge

Cé na cineálacha scannáin is mó a thaitníonn leat? Scannáin ghrinn, scannáin uafáis, scannáin eachtraíochta nó eile? An bhfaca tú Shrek as Gaeilge go fóill? Tá rogha leathán scannán ar fáil i nGaeilge, go háirithe gearrscannáin. Gheobhaidh tú na gearrscannáin saor in aisce ar na suíomhanna seo ach go háirithe: TG4 Foghlaim agus YouTube. Seo thíos liosta de roinnt acu.

 

 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • unnamed.jpg