
Beatha Teanga í a Labhairt…
Ár Scoil
Is bunscoil Chomhoideachais, lán-Ghaelach, Chaitliceach í Scoil Chualann faoi phátrúntacht Árd Easpag Bhaile Átha Chliath a chothaíonn timpeallacht foghlama atá spreagúil, fáilteach, muiníneach, oscailte, measúil, dearfach agus comhoibritheach do chách. Is mian linn gurb áit í ina ndírítear ar fhorbairt gnéithe mórálta, spioradálta, fisiciúla, acadúla, aeistéitiúla agus cultúrtha i gcás gach dalta aonair.
Fealsúnacht
Samhlaímid go dtarlóidh sé sin in atmaisféar ina bhfuil cóimheas, áit ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile sásta agus sábháilte agus iad ag obair faoi spiorad spreagúil agus meon an díograis, agus ag an am céanna go n-aithnítear agus go ndéantar éagsúlacht a cheiliúradh. Samhlaímid suíomh Gaelach suáilceach, sona a threiseoidh cumas foghlama agus fonn oibre gach éinne a oibríonn sa scoil. Beidh sé mar sprioc againn mar fhoireann scoile atmaisféar oscailte, comhoibritheach, ionrúil, cumarsáideach agus gnaíúil a chothú inár measc féin, go mbeimid ag obair as lámh a chéile. Bheadh sé mar mhian againn de bhun taithí dhearfach foghlama go dtabharfaí spreagadh do gach páiste a gcumas féin a shroichint, tabhairt faoin saol go muiníneach, sásamh a aimsiú agus a bheith measúil i ndomhan atá ag síorathrú.
Foireann Scoile
| Múinteoir | Ról |
|---|---|
| Clíona Nic Dhonnchadha | Naíonáin Shóisearacha |
| Áine Ní Ghainne | Naíonáin Shinsearcha |
| Seán Ó Beaglaoich | Rang 1 |
| Caoimhe Messitt | Rang 2 |
| Ruth Stafford | Rang 3/4 |
| Emmet Ó Móráin | Rang 5 |
| Aoife Ní Dhomhnaill (Leas Phríomhoide) | Rang 6 |
| Caitríona Uí Nuanáin | Tacaíocht |
| Lúc Ó Tuama | Tacaíocht |
| Niall Ó Domhnaill | Tacaíocht |
| Seamar Ní Ghloinn | Tacaíocht |
| Foireann Thacaíochta | Ról |
|---|---|
| Martina Johnston | Rúnaí |
| Áine Bhreathnach | Cúntóir Riachtanais Speisialta |
| Breda Uí Earcáin | Cúntóir Riachtanais Speisialta |
Bord Bainistíochta
| Bord Bainistíochta | Ról |
|---|---|
| Fíona Uí Uiginn | Cathaoirleach |
| Michelle Ní Thuama | Príomhoide |
| Aodh Ó Dúbhda | Duine Ainmnithe ag an bPátrún |
| Clíona Nic Dhonnchadha | Duine Ainmnithe ag na Múinteoirí |
| Áine Ni Dhufaigh | Duine Ainmnithe ag an bPobal |
| Brian Lambe | Duine Ainmnithe ag an bPobal |
| Sinéad Ní Mhaonaigh | Duine Ainmnithe ag na Tuismitheoirí |
| Seán Ó Beaglaoich | Duine Ainmnithe ag na Tuismitheoirí |

Fuair an scoil seo deontas in 2021 chun tionscnaimh a chur i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis an mbearna dhigiteach agus tacú lenár bhfoghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais dá bharr, mar chuid de Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann (NRRP), tionscadal faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach trí NextGenerationEU. Baineadh úsáid as an maoiniú seo chun athdhearadh agus freastal a dhéanamh ar an suímh idirlín scoile seo.
Nuachtlitreacha
Nuachtlitir an Fhómhair 2026
Seo a leanas Nuachlitir an Fómhair 2026. Má tá aon mholtaí nó eolas faoi leith…
Lá Geansaí GOAL 2026
Beidh Scoil Chualann páirteach go bródúil i Lá Geansaí GOAL ar an Aoine, 2 Deireadh…
Beannachtaí an tSamhraidh 2026
Ag deireadh bliana eile i Scoil Chualann, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a…
