Corn Sam Mhic Uidhir & Imreoirí BÁC i Scoil Chualann

Cúpla laoch sa phictiúir thuas…agus an Máistir Mac Aodha. Bhí an t-ádh dearg le Scoil Chualann ar Dé hAoine 8ú Mí Mhárta nuair a thug Peadar Ó Cofaigh Byrne agus Sinéad Wylde cuairt ar an scoil. Beirt imreoir shinsir le foireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann 2023. Thóg siad leo corn Sam Mhic Uidhir agus an corn Brendan Martin agus bhí na páistí ar bís ceisteanna a chur orthu agus sínithe a thabhairt dóíbh. Táimid thar bheith buíoch as an am a thug siad sa scoil.

Gabhann foireann agus páistí Scoil Chualann ar fad gach ráth orthu beirt san léag agus craobh na hÉireann 2024. BÁC abú!

Táimid ar fad an bhuíoch chomh maith as an Máistir Mac Aodha as ócáid speisialta seo a eagrú.

Scroll to Top