
Mol an óige agus tiocfaidh sí…
Foghlaim
Anseo i Scoil Chualann cuirimid romhainn mar phríomh-aidhm forbairt iomlán a dhéanamh ar an bpáiste (‘sé sin forbairt acadúil, corportha, mórálta, spioradálta, aestéitiúil, cultúrtha, sóisialta , pearsanta) agus oideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil trí churaclam leathan cuimsitheach a leanúint in atmasféar dearfach, taitneamhach, lán-ghaeilge, Críostaí.

Spórt
Forbraíonn na páistí a scileanna iománaíochta agus peile gach bliain le traenáil ó GPO agus cleachtadh rialta iarscoile ar an bpáirc in aice linn. Táimid an-ghníomhach i gcomórtais Cumann na mBunscol. Baineann muid an-taitneamh as an cluichí Gaelacha!
I measc cúrsaí Cumann Lúthchleas Gael tá na páistí gníomhach i ranganna snámha, rince Gaelach, sacar agus an lúthchleasaíocht.
Teangacha
Tá Scoil Chualann an-sásta chun a bheith ag foghlaim Gearmáinise mar chuid den Tionscanamh Nua theangacha i mBunscoileanna. Tá Múinteoir Yasmin ag cur ranganna Gearmáinise ar siúil do pháistí Rang 5 & 6. Roghnaíomar ranganna Gearmáinise ar chur ar siúil le Múinteoir Yasmin toisc an méid deiseanna foghlamtha agus tairbhe a thugann sé do na páistí, múinteoirí agus an comhphobal mór na scoile.
Tá foghlaim an Nua Theanga an-tairbheach do pháistí ar alán cúiseanna. Léiríonn taighde gur féidir le páistí óga a fhoghlaimíonn teangacha eile a bheith níos líofa agus gur féidir taithí dearfach a bheith ar foghlaim na h-ábhar eile sa curraclam dá bharr. Tá dearcadh dearfach ar páistí ní amháin go teangeolaíochta agus go h-acadúil ach go soisialta maidir le féin-mhuinín agus ag cabhrú leo ullmhú don dara léibhéil.


Na hEalaíon
Trí ábhar atá sa churaclam Oideachas Ealaíon. Ceol, Drámaíocht agus na hAmharcealaíona. Cuireann an curaclam ar chumas páistí smaointe, mothúcháin agus eispéiris a chur in iúl go healaíonta trí mheán an cheoil, na drámaíochta agus na n-amharcealaíon.
Techneolaíocht / STEM
Is scoil dhigiteach Scoil Chualann agus tá ríomhairí glúine agus taibléidí in úsáid againn ar scoil. Tá áiseanna agus tacaíocht don scoth sa scoil maidir le teicneolaíocht an eolais. Tosaíodh ar thionscnamh códáil leis na hardranganna. Creidimid go láidir go dtugann an teicneolaíocht nua seo deiseanna oideachaisiúla dár scoláirí chun iad a ullmhú don 21ú chéad.


Ceol
I Scoil Chualann tá an suim againn sa cheol agus san amhránaíocht. Is maith linn seans a thabhairt do gach dalta deis a bheith acu páirt a ghlacadh sa cheol, san amhránaíocht, rince agus drámaíocht.
Tacaíocht Foghlama
Comhoibríonn an fhoireann tacaíocht foghlama agus na múniteoirí ranga le chéile ag cinntiú go gcuirtear gach páiste san áireamh. An phríomhaidhm atá againn sa scoil ná a chinntiú go mbainfidh gach páiste amach an mianach tá iontu. Leagtar béim ar an luath-idirghabháil sa litearthacht agus san uimhearthacht. Úsáidtear obair aonair, obair ghrúpa agus teagasc foirne i suíomhanna ranga agus i suíomhanna lasmuigh den seomra ranga ag gach leibhéal ranga chun deiseanna foghlama a sholáthar do na páistí.
