
An Suirbhé Bunscoile – torthaí ár scoile agus na chéad chéimeanna eile…
A Phobal, a chairde,
Táimid ag scríobh chugat chun an t-eolas is deireanaí a thabhairt duit maidir le Suirbhé Bunscoile na Roinne Oideachais agus Óige. Seoladh an suirbhé seo chun a thuiscint cé na cineálacha scoileanna is fearr le tuismitheoirí agus le caomhnóirí. Ghlac breis agus 200,000 duine de thuismitheoirí agus de chaomhnóirí ar fud na tíre páirt sa suirbhé. Tá torthaí suirbhé ár scoile á gcomhroinnt againn leat anois mar eolas duit agus lena n-athbhreithniú agat. D’fháilteoimis roimh aon aiseolas atá agat ar na torthaí.
Maidir leis an suirbhé
Léirítear na nithe seo a leanas sna torthaí suirbhé atá ceangailte leis seo:
- Roghanna tuismitheoirí/caomhnóirí ag a bhfuil leanaí atá rollaithe inár scoil faoi láthair; agus
- Roghanna tuismitheoirí/caomhnóirí ag a bhfuil leanaí nach bhfuil rollaithe inár scoil go fóill ach a chuir in iúl go bhfuil sé de rún acu rollú inti.
Leagtar amach sna torthaí roghanna tuismitheoirí/caomhnóirí maidir leis na nithe seo a leanas:
- Soláthar comhoideachais nó soláthar aonghnéis
- Pátrúnacht/éiteas
- Teanga an teagaisc (Béarla nó Gaeilge)
Conas na torthaí suirbhé a thuiscint
Tá treoir ceangailte leis seo chun cabhrú leat na torthaí suirbhé a thuiscint. I dtéarmaí simplí:
Léirítear leis na céatadáin atá i ndath glas agus atá i ndath ór roghanna na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí a ghlac páirt sa suirbhé.
Léiríonn an líne dhearg an lamháil earráide. Tugann sé seo raon timpeall ar thoradh an tsuirbhé, a léiríonn cé mhéad níos airde nó níos ísle a d’fhéadfadh an toradh a bheith dá mbeadh freagra tugtha ag gach tuismitheoir/caomhnóir leanaí i do scoil.
Mar shampla:
- Más rud é go bhfuil an líne dhearg iomlán os cionn 50%, ciallaíonn sé sin gur dócha gur fearr le níos mó ná leath de na tuismitheoirí/caomhnóirí an rogha sin, fiú ag ligean don lamháil earráide.
Cad a tharlóidh anois
Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta na torthaí suirbhé anois, agus é ag smaoineamh faoin difear a dhéanfaidh siad dár scoil. Mar chuid de sin, féachfaimid lena chinntiú go mbeidh tuismitheoirí/caomhnóirí, scoláirí, baill foirne agus an mórphobal scoile in ann a dtuairimí a chomhroinnt linn. Nuair a bheidh an t-aiseolas ar fad bailithe againn, breithneoimid go cúramach é agus ansin cuirfimid tú ar an eolas faoi aon chinntí a dhéanfaimid agus faoi na chéad chéimeanna eile. Mar shampla, más rud é go mbeidh rogha shoiléir ann i bhfabhar athrú a dhéanamh, féadfaidh an scoil ‘foirm um léiriú spéise’ in athrú a dhéanamh a chur faoi bhráid na roinne. Más rud é go dtarlóidh sé sin, tabharfaidh an roinn teagmhálaí tiomnaithe agus tacaí eile dúinn chun cabhrú lenár scoil tríd an bpróiseas seo.
Na chéad chéimeanna eile
Léigh na torthaí suirbhé dár scoil agus an treoirdhoiciméad atá ceangailte leis seo.
Is féidir leat aon bharúlacha nó aon aiseolas a sheoladh chugainn ag oifigsc@scoilchualann.ie faoi 5 Deireadh Fómhair 2026. Tá roinnt faisnéise breise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit tugtha againn ag deireadh an ríomhphoist seo freisin.
Is muidne, le meas,
Fíona Uí Uiginn agus Michelle Ní Thuama
Cathaoirleach agus Príomhoide
Tuilleadh faisnéise faoin Suirbhé Bunscoile
Sheol an Roinn Oideachais agus Óige an Suirbhé Bunscoile chun a fháil amach cé na cineálacha scoile is fearr le tuismitheoirí agus le caomhnóirí. Áirítear leo sin:
- Soláthar comhoideachais nó soláthar aonghnéis
- Éiteas/pátrúnacht scoile
- Teanga an teagaisc (Béarla nó Gaeilge)
Ghlac breis agus 200,000 duine de thuismitheoirí agus de chaomhnóirí páirt sa suirbhé. Fuair gach scoil torthaí atá bunaithe ar na tuairimí a bhí ag tuismitheoirí ag a bhfuil leanaí atá ag freastal ar an scoil nó ar na tuairimí a bhí acu sin a bhfuil sé beartaithe acu leanbh a rollú inti.
Cad a tharlóidh más rud é go mbeidh éileamh ar athrú ann
Más rud é go léireoidh scoil spéis in athrú a dhéanamh, sannfaidh an roinn teagmhálaí tiomnaithe chun tacú leis an scoil tríd an bpróiseas a bhaineann le hathrú cumraíochta a bhreithniú agus a chur chun feidhme. Cuirfear raon tacaí breise ar fáil freisin.
Scoileanna comhoideachais
- Is scoileanna comhoideachais iad thart ar 90% de na bunscoileanna uile. Ciallaíonn sé sin go dteagasctar buachaillí agus cailíní le chéile i ngach rang.
- Is scoileanna aonghnéis iad thart ar 10% de na scoileanna uile, rud a chiallaíonn nach dteagascann siad ach buachaillí, nó nach dteagascann siad ach cailíní, i roinnt ranganna nó sna ranganna uile.
- Más rud é go mbeidh scoil ag iarraidh teacht chun bheith ina scoil chomhoideachais, breithneoidh an Roinn Oideachais agus Óige an iarraidh sin trína hAonad Pleanála agus Tógála.
- Agus í ag féachaint ar na hiarrataí sin, seiceálfaidh an roinn rudaí amhail cé acu atá nó nach bhfuil dóthain áiteanna scoile ann do bhuachaillí agus do chailíní sa limistéar, agus bheadh uainiú aon athruithe ag teacht leis sin.
Scoileanna il-sainchreidmheacha
- Tá éiteas reiligiúnach (sainchreidmheach) ag thart ar 95% de na scoileanna uile.
- Is scoileanna il-sainchreidmheacha iad thart ar 5% de na scoileanna uile. I scoil il-sainchreidmheach, foghlaimíonn leanaí faoi reiligiúin agus creidimh dhifriúla. Ní chuireann na scoileanna seo teagasc creidimh ar fáil le linn an lae scoile.
- Más rud é go mbeidh scoil ag iarraidh teacht chun bheith ina scoil il-sainchreidmheach, tacóidh an roinn leis an scoil déanamh amhlaidh.
- Nuair a athraíonn scoil ina scoil il-sainchreidmheach, coinnítear formhór na rudaí sa scoil mar atá. Mar shampla, bíonn an scoil ar oscailt agus ag oibriú amach go fóill as an bhfoirgneamh scoile céanna, agus soláthraíonn an roinn an tacaíocht chéanna, amhail deontais, cigireachtaí, rialacháin, curaclam, agus baill foirne.
- Is féidir an t-athrú éitis go héiteas il-sainchreidmheach a dhéanamh ag an aon am amháin nó is féidir é a dhéanamh de réir a chéile, agus díriú á leagan ar na ranganna níos óige ar dtús.
Scoileanna a theagascann trí Ghaeilge (Gaelscoileanna)
- Is trí Bhéarla a theagascann thart ar 92% de na scoileanna uile
- Is trí Ghaeilge a theagascann thart ar 8% de na scoileanna uile
- I scoileanna a sholáthraíonn oideachas trí Ghaeilge, leanann leanaí an curaclam céanna a leanann leanaí i scoileanna eile, ach is trí Ghaeilge a theagasctar gach ábhar dóibh (seachas Béarla agus teangacha eile).
- Más rud é go mbeidh scoil ag iarraidh athrú agus tosú ag teagasc trí Ghaeilge (Gaelscoil), tacóidh an roinn leis an scoil déanamh amhlaidh.
Léigh tuilleadh faisnéise ag: www.gov.ie/primaryschoolsurvey
Suirbhé Google
Líon isteach an foirm roimh dheireadh 5 Deireadh Fómhair le h-aiseolas a thabhairt don Bórd Bainistíochta, go raibh maith agaibh.
