
Tacaíocht Foghlama
Is í an aidhm atá ag Scoil Chualann ná tacaíocht foghlama a sholáthair i slí sheasmhach agus córasach. Leanann an scoil na treoirlínte mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachas is Scileanna. Is é an cuspóir atá againn ná tacaíocht a sholáthair atá pointeáilte agus géar atá bunaithe ar mheasúnú leanúnach, agus cur chuige comhoibritheach idir an Múinteoir Ranga, an Múinteoir Tacaíocht Foghlama agus na Tuismitheoirí.
Suímh Úsáideacha
- Dyslexia Ireland
- National Educational Psychological Services (NEPS)
- National Council for Curriculum and Assessment (NCCA)
- Special Education Support Service
- Enable Ireland
- Lucena Clinic Services
- Autism Ireland
- Epilepsy Ireland
- National Council for the Blind
- ABC’s of Anxiety
- Practical Parenting Rollercoaster
- Schooldays
- Department of Education
- Special Education Circular
Lámhleabhar an NCSE
Tacaíocht Ranga
Is iondúil gurb í anTacaíocht Ranga an chéad chéim agus an chéim is comónta chun réiteach a fháil ar riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn. Baineann an réiteach seo le daltaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais atá éagsúil nó aonarach agus a mbíonn cur chuigí ag teastáil uathu don fhoghlaim agus/nó don iompraíocht a bhíonn sa bhreis nó a bhíonn éagsúil ó na cur chuigí siúd a theastaíonn ó dhaltaí eile ina rang.
Is iondúil go dtosaítear ag réiteach fadhbanna ag an leibhéal seo nuair a bhíonn imní ar thuismitheoir nó ar mhúinteoir faoi dhalta áirithe. Labhraíonn an múinteoir agus na tuismitheoirí le chéile faoin bhfadhb agus pléann siad straitéisí a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach. Bíonn na cur chuigí simplí, neamhfhoirmiúla a bhaineann le réiteach fadhbanna san áireamh sa Tacaíocht Ranga – cur chuigí a bhíonn in úsáid go minic ag múinteoirí ranga chun tacú le riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn.
Tacaíocht Scoile
Ní leor idirghabhálacha ó thaobh na tacaíochta ranga de i roinnt cásanna chun freastal go hiomlán ar riachtanais speisialta oideachais dalta. D’fhéadfadh dá bhrí sin gur ghá Tacaíocht Scoile. Ní mór don mhúinteoir ranga cabhair an mhúinteora tacaíochta foghlama/acmhainne a fháil don phróiseas chun fadhbanna a réiteach ag an bpointe seo agus áirítear leis an bpróiseas eolas a bhailiú ar bhealach níos córasaí agus Plean Tacaíochta Scoile nó Próifíl Foghlama an Dalta Aonair a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar cibé ceann.
Tacaíocht Scoile Móide
Más riachtanais throma agus/nó riachtanais leanúnacha na riachtanais speisialta oideachais a bhíonn ag dalta is mó seans go mbeidh diantacaíocht ag teastáil uaidh/uaithi. Is gnách go mbíonn baint ag daoine nach baill d’fhoireann na scoile iad le Tacaíocht Scoile Móide sa phróiseas ar fhadhbanna a réiteach, ar mheasúnú agus ar idirghabháil. Is é an t-eolas a gheofar as na pleananna Tacaíochta Ranga agus Scoile an túsphointe chun fadhbanna a réiteach ag an leibhéal seo. Beidh tábhacht i gcónaí leis an tacaíocht ranga agus an tacaíocht scoile sa Phlean Oideachais ar bhonn Dalta Aonair.
